Tuarascáil Speisialta 114 - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Sholáthar Éigeandála Aerálaithe
Chinn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go luath in 2020 gurbh fheistí leighis ríthábhachtacha iad aerálaithe chun cóireáil a dhéanamh ar othair a bhfuil tionchar mór ag ionfhabhtú Covid-19 orthu.
Faoi thús mhí an Mhárta 2020, d’aithin Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go mbeadh géarghá le haerálaithe breise chun déileáil leis an méadú tobann ar an éileamh ar chúram criticiúil a rabhthas ag súil leis ag an am. Rinneadh formhór na gcinntí a rinne FSS maidir leis an soláthar éigeandála thar thréimhse cheithre seachtaine idir Márta agus Aibreán 2020.
Cheannaigh FSS 581 aerálaí ar chostas €20.5 milliún óna soláthraithe seanbhunaithe.
D’aithin FSS, trí bhealaí éagsúla, roinnt soláthraithe aerálaithe féideartha nach raibh gnó déanta aige leo roimhe sin. Áiríodh orthu sin monaróirí feistí agus idirghabhálaithe araon. Chun orduithe a áirithiú, rinne FSS airleacain de €81 mhilliún san iomlán leis na soláthraithe nua.
Tar éis chealú na n-orduithe ina dhiaidh sin, fuair FSS roinnt aisíocaíochtaí as réamhíocaíochtaí, arbh fhiú €50.5 milliún iad san iomlán.
Maidir le caiteachas nár bhain FSS leas ná úsáid as, bhí caiteachas de €30.5 milliún i gceist, agus léiríonn sé sin caillteanas luacha. Tá aisíocaíochtaí de €22.3 milliún á lorg ag FSS i ndáil le horduithe a cuireadh ar ceal nó ar measadh nach raibh na haerálaithe a fuarthas astu oiriúnach don fheidhm. Meastar caiteachas de €8.1 milliún sa bhreis a bheith in-aisghafa. Baineann an chuid is mó den méid sin (€6.8 milliún) le haerálaithe a ceannaíodh ach nach raibh ag teastáil ó FSS sa deireadh. Táthar tar éis iad sin a dheonú ar údaráis sláinte san India.
An líon aerálaithe a bheadh ag teastáil a mheasúnú
D’aithin FSS, i mí an Mhárta 2020, go raibh 533 aerálaí san iomlán ar fáil aige le húsáid d’othair aosacha.
Faoi shocrú a rinneadh le 18 n-ospidéal phríobháideacha, measadh go mbeadh 55 aerálaí bhreise (48 aerálaí de ghrád ICU agus seacht n-aerálaí iompair) ar fáil don tseirbhís sláinte don tréimhse thrí mhí idir Aibreán agus Meitheamh 2020. Níor cuireadh iad siúd san áireamh agus an cinneadh á dhéanamh maidir le líon na n-aerálaithe a bhí ar láimh agus a bhí ar fáil lena n-úsáid.
Faoi dheireadh mhí an Mhárta 2020, bhí measta ag foireann chliniciúil FSS mar chuid dá ‘pleanáil acmhainne borrtha’ go mbeadh gá ann le 326 aerálaí bhreise. Bhí an líon sin bunaithe ar a mhéid is féidir acmhainn chúraim chriticiúil a mhéadú i gcóras sláinte na hÉireann chun freastal ar an líon ard othair faoi Covid-19 a rabhthas ag súil leis.
Trí cheannacháin óna sholáthraithe aerálaithe seanbhunaithe, bhí FSS in ann 581 aerálaí a sholáthar — beagnach dhá oiread an lín mheasta a bheadh ag teastáil go cliniciúil, agus a bhféadfaí iad a úsáid.
Cé gur fhéach FSS, ar dtús, le haerálaithe a cheannach cosúil leis na cineálacha a úsáidtear de ghnáth in ICUnna in Éirinn, chinn siad ina dhiaidh sin cineálacha a cheannach a raibh sonraíocht theicniúil níos ísle acu ach a chomhlíon sonraíocht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le cóireáil a chur ar othair a bhfuil Covid-19 orthu.
Mar fhreagairt do mholadh ó FSS, b’amhlaidh an 21 Márta 2020 a cheadaigh an Roinn Sláinte 1,900 aerálaí a cheannach ar chostas measta €73.5 milliún — arb ionann é agus meánchostas aonaid intuigthe de €38,700. Sa scrúdú seo, ní rabhthas in ann cás gnó ar ullmhaigh FSS é a aimsiú chun tacú leis an ngá le 1,900 aerálaí. Ina ionad sin, is cosúil go raibh an líon ar iarradh sainordú ina leith bunaithe ar na horduithe a bhí curtha ag FSS cheana féin le soláthraithe ionchasacha agus ar orduithe a bhí curtha ar aghaidh go hardchéim idirbheartaíochta.
Idir an 3 Márta 2020 agus an 14 Aibreán 2020, is féidir a aithint gur chuir FSS orduithe le haghaidh beagnach 3,500 aerálaí ar chostas iomlán €129 milliún — beagnach dhá oiread an lín a cheadaigh an Roinn agus níos mó ná deich n-uaire an lín mheasta a bheadh ag teastáil ón taobh cliniciúil de.
Soláthraithe a fhoinsiú
Chuaigh FSS i dteagmháil lena soláthraithe seanbhunaithe ar dtús chun an fháil ar aerálaithe a fhiosrú. Mar gheall ar an imní a bhí ar FSS faoina gcumas a bhí aige chun freastal ar an éileamh, thosaigh FSS ag fiosrú soláthraithe ionchasacha eile, le cúnamh ó GFT Éireann. Chuaigh soláthraithe eile i dteagmháil le FSS go díreach freisin, agus cúnamh á thairiscint acu.
Ní raibh baint dhíreach ag formhór na soláthraithe féideartha nua a sainaithníodh le monarú aerálaithe agus ní raibh mórán taithí acu, nó ní raibh taithí ar bith acu, ar sholáthar na bhfeistí sin, ach bhí siad in ann a chruthú go raibh naisc acu le monaróirí feistí.
Ní dhearnadh aon seiceálacha díchill chuí ar cheithre cinn de na deich soláthraí ionchasacha nua a ndearna FSS réamhíocaíochtaí leo. Bhí éagsúlacht i méid na seiceálacha a rinneadh i ndáil leis na sé cinn eile, idir an taighde tráchtála agus an measúnú riosca ardleibhéil.
Réamhíocaíochtaí
Idir an 24 Márta 2020 agus an 14 Aibreán 2020, rinne FSS réamhíocaíochtaí comhcheangailte de €81 mhilliún leis na deich soláthraí nua chun beagnach 2,200 aerálaí a fháil. Aisghabhadh €50.5 milliún san iomlán, ach faoi mhí na Bealtaine 2022, bhí an chuid eile fós á hiarraidh, é sin nó bhí an FSS ag caitheamh leis amhail is go mbeadh sí do-aisghafa (féach Fíor 1).

Cáilíocht na n-aerálaithe a ceannaíodh
Ní raibh an ghnáth-thacaíocht chliniciúil agus theicniúil a sholáthraíonn soláthraithe aerálaithe ar fáil ó na soláthraithe nua. Ní raibh aon taithí roimhe seo ag FSS ar úsáid a bhaint as aon cheann de na cineálacha aerálaí a bhí á dtairiscint ag na soláthraithe sin. Rinneadh orduithe leis na soláthraithe nua ar bhonn ‘athbhreithnithe deisce’ a rinne foireann FSS ar dhoiciméid a chuir na soláthraithe ionchasacha ar fáil, agus ar fhreastal cliniceoirí sinsearacha agus ball foirne innealtóireachta cliniciúil de chuid FSS ar thaispeántas ar dhá chineál aerálaí shamplacha a sholáthair ceann de na soláthraithe ionchasacha nua.
Mar sin féin, tháinig saincheisteanna cáilíochta chun solais go tapa tar éis na chéad seachadtaí feistí ó roinnt de na soláthraithe nua, lena n-áirítear roinnt feistí a seachadadh go díreach ar roinnt de na suíomhanna ospidéil géarmhíochaine. Fuarthas amach i dtástálacha feidhmíochta a rinne tríú páirtí thar ceann FSS gur theip ar 41 aerálaí as an 100 ceann a tástáladh. Fuarthas amach in athbhreithniú deascbhunaithe eile a rinne an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte ar dhoiciméid soláthraithe nár chomhlíon dhá chineál creat rialála an Aontais Eorpaigh agus gur theastaigh tuilleadh imscrúdaithe i ndáil le trí chineál.
I bhfianaise na saincheisteanna cáilíochta suntasacha a sainaithníodh mar aon leis an riosca do shábháilteacht othar, mhol Ceann Innealtóireachta Cliniciúla FSS do na hospidéil ghéarmhíochaine, mar a comhaontaíodh leis an gCeann Cúraim Chriticiúil, gan na haerálaithe a úsáid. Moladh do Sholáthar FSS freisin scor de ghlacadh le seachadadh na n-aerálaithe a fuarthas ó na soláthraithe sin. Mar sin féin, ní dhearna FSS na horduithe a bhí fós ag seasamh amach le dhá sholáthraí le haghaidh 365 aerálaí ar chostas €6.8 milliún a chur ar ceal. Tháinig sé sin sna sála ar chomhairle a fuarthas ó GFT Éireann go raibh na seachadtaí ó na soláthraithe, ar monaróirí feistí iad, de réir an sceidil agus gurbh amhlaidh, ós rud é gur línte soláthair ‘íogaire’ a bhí iontu, nár cheart aon idirghabháil a dhéanamh leis na horduithe.
Níor cuireadh aon cheann de na 467 n-aerálaí a fuarthas ó na soláthraithe nua in úsáid chliniciúil in Éirinn.
Costas agus imscaradh
An 20 Márta 2020, scríobh FSS chuig an Roinn Sláinte agus chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA) ag iarraidh ceadú chun gealltanas conarthach a thabhairt le haghaidh suas le 1,900 aerálaí ar chostas measta €73.5 milliún. Luadh sa litir go lorgófaí ceadú breise i scríbhinn i dtaca le haon aerálaithe a cheannófaí os cionn an lín sin.
I gcomhréir le coinníollacha an cheadaithe le haghaidh aerálaithe a cheannach, sheol FSS tuarascáil chaiteachais sheachtainiúil chuig an Roinn agus chuig RCPA. Níor áiríodh sa tuarascáil ach an caiteachas ar aerálaithe a seachadadh agus níor áiríodh inti na híocaíochtaí a rinneadh roimh ré agus na haisíocaíochtaí a fuarthas ó orduithe cealaithe (féach Fíor 2). Bhí sé sin thar a bheith míthreorach agus cuireadh ar neamhní éifeachtúlacht fhormhaoirseacht na Roinne ar an gcaiteachas dá réir.
